Resource Title

Tíreolaíocht na Sraithe Sóisearaí – Ag Gabháil don Oideachas Saoránachta Domhanda

Summary

Is é is aidhm don acmhainn seo tacú le múinteoirí Tíreolaíochta maidir le béim a chur ar ghné an cheartais dhomhanda sa teagasc (cur chuige a mbaineann buntáistí móra oideachasúla leis), rud a chomhlíonann na riachtanais atá leagtha amach sa tsonraíocht i gcomhair na Tíreolaíochta sa tsraith shóisearach, agus sa Chreat don tSraith Shóisearach (2015), as Gaeilge.

Resource Details

Description

Is é an phríomhaidhm chéanna atá ag an Oideachas Saoránachta Domhanda agus Tíreolaíochta na sraithe sóisearaí: a spreagadh go gcothófar ‘eolas, scileanna, luachanna agus iompar a ligeann don scoláire fiosrú a dhéanamh ar an domhan fisiceach, ar ghníomhaíochtaí an duine agus ar an gcaoi a ndéanaimid teagmháil leis an domhan agus an chaoi ar féidir linn na hidirnaisc idir córais ar leith a aithint’. (CNCM, 2017: 5). Istigh anseo gheobhaidh an múinteoir cás-staidéir agus go leor gníomhaiochtaí suimiúla agus bileoga oibre a chabhróidh leis nó leí na cúrsaí seo a phlé, as gaeilge.

Tá na Naisc Churaclaim léirithe ar leathanach 3-6