Ceartas aeráide

Is gluaiseacht é an ceartas aeráide a admhaíonn go bhfuil iarmhairtí sóisialta agus eacnamaíochta agus bagairt ar shláinte phoiblí ag baint leis an athrú aeráide. Ní hamháin go bhfuil na hiarmhairtí seo ann, ach tá siad i bhfad níos measa sa chuid sin den domhan atá i mbéal forbartha. Níl an neamhionannas seo ceart ná cóir. Mar sin, tá gá le straitéisí maolaithe agus oiriúnaithe fadtéarmacha.

Iarmhairtí fisiciúla an athraithe aeráide:

De réir mar atá astaíochtaí gás ceaptha teasa domhanda ag méadú, tá meánteocht an domhain ag méadú freisin. Tá an t-ardú teochta seo ag bagairt sláinte an duine, agus méadaíonn sé baol na drochaimsire, dochair don éiceachórais agus arduithe ar leibhéal na farraige. 

Tá na dainséir a bhaineann le hardú teochta, idir triomach agus falscaí, stoirmeacha agus tuilte, le feiceáil cheana féin.

Iarmhairtí sóisialacha an athraithe aeráide

Tá athruithe ag teacht ar nósanna éagsúla ag brath ar an réigiún. Agus an domhan forbartha ag baint buntáistí as breoslaí iontaise a úsáid, is ar thíortha i mbaol a thiteann an t-ualach. 

De réir mar atá na hoighearchaidhpeanna ag leá, tá leibhéal na farraige ag ardú, a fhágann ceantair chósta agus náisiúin bheaga oileánda i gcontúirt. Beidh líon na ndídeanaithe aeráide ag méadú go gairid ina dhiaidh seo. Tá baol mór ann do dhaoine bochta, aosta, agus i gceantair choimhlinte ach go háirithe, rud a ngéaraíonn neamhionannas domhanda.

Gníomhú ar son na haeráide

Caithfimid méid an gháis a cheapann an teas san atmaisféar a laghdú ionas go laghdófar an téamh féin. Fanann dé-ocsaíd charbóin (CO2) san atmaisféar ar feadh idir 30 agus 100 bliain, go dtí go mbaineann plandaí agus próisis nádúrtha an chuid is mó de ón atmaisféar.

Fós féin, is féidir le thart ar 20% di fanacht ar feadh na mílte bliain. Tá níos mó gás ceaptha teasa san atmaisféar faoi láthair ná mar is féidir a bhaint trí phróisis nádúrtha. Mar sin, caithfimid i bhfad níos lú a chur isteach san atmaisféar más mian linn líon na ngás ceaptha teasa a laghdú. Agus caithfimid tosú anois.

Gluais / Glossary

Institiúidí agus comhaontaithe

Comhaontú Glas don Eoraip – European Green Deal

Is sraith tionscnamh agus beartas de chuid an Choimisiúin Eorpaigh é an Comhaontú Glas don Eoraip. Tá sé mar aidhm ag Comhaontú na hEorpa a bheith neodrach ó thaobh carbóin de roimh 2050.

Ag croílár an chomhaontaithe tá Dlí Aeráide Eorpach, atá faoi chaibidil ag institiúidí an AE faoi láthair. Déanfaidh sé cuspóir na hEorpa neodraí a achtú ina dlí.

An Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide – Intergovernmental Panel on Climate Change (IPCC) 

Is comhlacht eolaíochta é an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide bunaithe ag na Náisiúin Aontaithe. Déanann an painéal athbhreithniú agus measúnú ar an taighde eolaíoch is déanaí ar an athrú aeráide. Bronnadh Duais Nobel don tSíocháin ar an IPCC i 2007.

I dtuarascáil i 2018, d’fhógair an IPCC an rabhadh nach mór dúinn téamh domhanda níos mó ná 1.5˚C a sheachaint.

Prótacal Kyoto – Kyoto Protocol 

Is prótacal é atá bunaithe ag Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe Prótacal Kyoto maidir leis an Athrú Aeráide a leagann síos gealltanais (atá ina gceangal de réir dlí) maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa.

Shocraigh tíortha forbartha a n-astaíochtaí le chéile a laghdú go 5.2% faoi leibhéil 1990 le linn na tréimhse 2008-2012. Socraíodh é sin ag comhdháil de chuid na Náisiún Aontaithe i 1997 i Kyoto, an tSeapáin, ach níor tháinig an prótacal i bhfeidhm go dlíthiúil go 2005. Cuireadh tréimhse eile gealltanais ar bun i 2013 a mhair go 2020.

Comhaontú Pháras – Paris Agreement

Is conradh idirnáisiúnta maidir le hathrú aeráide atá ina cheangal de réir an dlí é Comhaontú Pháras. Ghlac 196 tír leis ag an 21ú Comhdháil Pháirtithe Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide (COP 21) i bPáras, ar an 12 Nollaig 2015. Chuaigh sé i bhfeidhm ar an 4 Samhain 2016.

An aidhm atá leis an téamh domhanda a theorannú faoi bhun 2˚C ar a laghad, 1.5˚C más féidir, i gcomparáid leis an leibhéal réamhthionsclaíoch. Tá sé mar chuspóir ag tíortha buaicleibhéal na n-astaíochtaí a bhaint amach a luaithe agus is féidir ionas go mbeidh domhan neodrach ó thaobh carbóin de againn faoi 2050.

Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide – United Nations Framework Convention on Climate Change (UNFCCC)

Is comhaontú é Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Athrú Aeráide a dhíríonn ar shaincheisteanna an chomhshaoil dhomhanda. Glacadh leis ag Cruinniú Mullaigh na Cruinne 1992 i Rio de Janeiro. Tá sé mar aidhm ag UNFCCC cosc a chur ar thionchar contúirteach ar an gcóras aeráide. Chuaigh sé i bhfeidhm ar an 21 Márta 1994 agus tá sé daingnithe ag 192 tír.

Creidmheasanna

Scríofa ag Aoife Nic Dhomhnaill

Curtha in eagar ag Réamonn Ó Ciaráin, Seamas Ó hAoláin agus Tony Daly

Arna tháirgeadh ag:

new-DE-logo.jpg
//

Tuilleadh faoi developmenteducation.ie

Ár nDomhan Inniu – as Gaeilge

Fáilte roimh rannóg na Gaeilge ar developmenteducation.ie This section is an Irish-language reference point for resources, ideas and debates on global development issues. Ár nDomhan