Resource Title

Amharc-Ealaín na Sraithe Sóisearaí – Ag Gabháil don Oideachas Saoránachta Domhanda

Summary

Is é is aidhm don acmhainn seo tacú le múinteoirí Amharc-Ealaíne, as gaeilge, agus béim á cur acu ar ghné an cheartais dhomhanda sa teagasc (cur chuige a mbaineann buntáistí móra oideachasúla leis), rud a chomhlíonann na riachtanais atá leagtha amach sa tsonraíocht don Amharc-Ealaín sa tsraith shóisearach, agus sa Chreat don tSraith Shóisearach (2015). Tá sé ina aidhm lárnach ag an OSD agus ag an Amharc-Ealaín araon a chur ar a gcumas do na scoláirí dul i ngleic leis an domhan thart timpeall orthu agus ‘cumais bharántúla an tsaoil seo i réiteach fadhbanna’ a fhorbairt (ROS, Amharc-ealaín na Sraithe Sóisearaí, leathanach 6).

Resource Details

Description

Istigh anseo gheobhaidh an múinteoir cás-staidéir agus go leor gníomhaiochtaí suimiúla a chabhróidh leis nó leí na teamaí thios anseo a phlé, as gaeilge. Mar shampla, Is amharc-ealaíontóir í Alice Maher (1965– ) a úsáideann réimse leathan ábhar ón dúlra, cosúil le neantóga, beacha, dealga agus adhmad, ina cuid oibre. D’fhéadfaí an sámpla seo a úsaid chun plé a spreagadh faoin mbaint a bhíonn ag na daoine agus an comhshaol le chéile, agus conas cur i gcoinne an dífhoraoisithe.

Tá na Naisc Churaclaim léirithe ar leathanach 3-6