Resource Title

Gníomhaíocht ar mhaithe leis an tSaoránacht Dhomhanda: Sraith Straitéisí do Mhúinteoirí

Summary

Is é aidhm na sraithe straitéisí seo ná leas a bhaint as léargas comhshaoil ar an oideachas chun an bhearna idir an tOideachas le haghaidh Forbairt Inbhuanaithe agus an tOideachas Forbartha a shárú.

Tabharfaidh an paca acmhainní seo roinnt smaointe spraíúla cruthaitheacha duit maidir le conas fáil amach faoi na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, conas saoránaigh gníomhacha domhanda a chruthú agus conas do chion féin a dhéanamh ar mhaithe leis an bpláinéad.

Resource Details

  • Author: Julia Haimlinger, Deirdre Walsh, Deirdre Walsh, Deirdre Walsh and Vanessa Moore
  • Publisher: Global Action Plan
  • Country of Publication: Ireland
  • Year: 2020
  • Page Count: 52

Description

Tá an tsraith straitéisí eagraithe ina 8 gcaibidil, a bhfuil téama ar leith ag gach ceann díobh, agus é sin nasctha go dlúth leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, nó na Spriocanna Domhanda mar a ghlaoitear orthu go coitianta.

Is cinnte gur féidir leat tiontú ó chaibidil go caibidil, molaimid tosú ar Chaibidil 1 mar go soláthróidh sé réamhrá maith duit ar an bhForbairt Inbhuanaithe agus cuirfdh sin ar do chumas na caibidlí a leanann a léamh ar do chaoithiúlacht. I ngach caibidil, tá gníomhaíochtaí tosaigh, gníomhaíochtaí príomha, mionchluichí agus ábhair bhreise!

Ag tús gach caibidle, feicfdh tú go soiléir na Torthaí Foghlama, na naisc Thraschuraclaim agus Príomhscileanna tábhachtacha.

(as Gaeilge)

Available from: